Graduate Programme

Central Bank of IrelandDublinTemporaryGraduate
For the Public GoodAt Central Bank of Ireland, you will get the opportunity to join an organisation at the heart of the economy and financial system, with a focus on doing meaningful work for the public good while striving to have a positive impact on society. Our Graduate Programme develops the future talent and leadership that will allow us to continue to achieve our mandate now and into the future. In choosing to start your career with the Central Bank , your career and development will be our priority and we will provide the environment and opportunities for you to: 
  • Make a real difference and deliver output that matters
  • Benefit from a panoramic view of the financial system
  • Achieve your personal and professional goals. 
Our Programme Our three-year Graduate Programme will allow you to experience the diverse and unique work we’re involved in.
  • You’ll be able to make a difference by participating in activities like contributing to the development of policies, procedures and frameworks, such as how we regulate firms or how we run our organisation, assisting in the supervision of financial institutions or supporting the screening and transmission of data to aid this supervision and reporting.
  • You will be able to select one of three streams to specialise in, depending on your interest and career aspirations including Data, Digital and Technology, Supervision, Policy and Risk or Actuarial. More information is available on each of these streams via the below link.
  • During the programme, you’ll participate in a number of rotations, which will accelerate your development – allowing you to improve your technical and interpersonal skills through meaningful and challenging work.
We know it's our people who make the Central Bank special and we are focused on creating a diverse, inclusive, fulfilling and progressive work environment. We encourage applications from candidates with different backgrounds, experiences and perspectives as it strengthens us, as individuals and as an organisation. We are committed to positively supporting candidates with disabilities. If we can make any reasonable accommodations for you in the recruitment process in order to give you the opportunity to perform to your best, please email our Disability Inclusion Partner, Rebecca Daly at rebecca.daly@centralbank.ie or 01 224 6711. Any information that you provide will be used only for the purposes of providing relevant support and will have no bearing on how your application will be viewed.Find our more about our Graduate programme 2026.The closing date is Sunday, 26 OctoberBefore starting your application, you will be asked to create a profile with us. This will allow you to track and review your application throughout the process. Click "Register" to create a profile and complete the application process.Once your application has been successfully submitted, you will receive an automatic email from us acknowledging receipt. If you do not receive this auto-acknowledgement, please contact recruitment@centralbank.ieThe Central Bank of Ireland is an equal opportunities employer.Ar son Leas an PhobailI mBanc Ceannais na hÉireann, beidh an deis agat dul i mbun oibre in eagraíocht atá i gcroílár an gheilleagair agus an chórais airgeadais, ina ndéantar obair thábhachtach ar son leas an phobail, agus ina mbíonn gach iarracht á déanamh tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí. Lenár gClár do Chéimithe, forbraítear talainn agus ceannaireacht don todhchaí lenar féidir linn leanúint dár sainordú a chomhlíonadh sa lá atá inniu ann agus amach anseo.Má bheartaíonn tú tús a chur le do ghairmréim sa Bhanc Ceannais, beidh d’fhorbairt gairmréime mar thosaíocht againn agus cuirfimid an timpeallacht oibre agus na deiseanna ar fáil duit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
  • Difear ceart a dhéanamh agus torthaí tábhachtacha a bhaint amach
  • Tairbhiú de léargas iomlán ar an gcóras airgeadais
  • Do chuid spriocanna pearsanta agus gairmiúla a bhaint amach
Ár gClárLenár gClár do Chéimithe, tabharfar deis duit a bheith rannpháirteach san obair ilchineálach ar leith a bhíonn ar siúl againn.
  • Beidh tú in ann difear a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí amhail rannchuidiú le forbairt beartas, nósanna imeachta agus creataí, mar shampla an chaoi ina mbíonn gnólachtaí á rialáil againn nó an chaoi ina mbíonn ár n-eagraíocht féin á reáchtáil againn, cuidiú le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais nó tacú le tástáil agus le tarchur sonraí chun cuidiú leis an maoirseacht agus an tuairisciú sin.
  • Is féidir leat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de thrí shruth, ag brath ar do chuid suimeanna agus spriocanna gairmréime lena n-áirítear Sonraí, Digitiú agus Teicneolaíocht, Maoirseacht, Beartas agus Riosca nó Achtúireach. Tá tuilleadh eolais ar gach ceann de na sruthanna sin le fáil ag an nasc thíos.
  • Le linn an chláir, glacfaidh tú páirt i sealaíochtaí éagsúla a chuirfidh dlús faoi d’fhorbairt - rud a chuirfidh ar do chumas do chuid scileanna teicniúla agus idirphearsanta a fheabhsú trí bhíthin obair fhiúntach, dhúshlánach.
Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht. Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit chun go mbeidh an deis agat do dhícheall a dhéanamh sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas, Rebecca Daly ag rebecca.daly@centralbank.ie nó 01 224 6711. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.Tuilleadh eolais faoinár gClár do Chéimithe 2026.Dé Domhnaigh an 26 Deireadh Fómhair is ea an dáta deiridhSula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú. Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “Clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le recruitment@centralbank.ie.Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann.

Follow us on Facebook and stay up to date with the latest jobs in Dublin!


Apply Now

Before you go

Get the latest jobs in Dublin by email

By creating a job alert, you agree to our Terms. You can unsubscribe from these directly within the emails or as detailed in our terms.

Continue to job
Need help? Contact us
Cookies, Privacy and Terms©JobAlert.ie  2025