Rúnaí Scoile Oifigeach Cléireachais – Grád III

Galway & Roscommon ETBGalway€27,146 - €44,111 per yearFull-timeTemporaryPart-timePermanent

Rúnaí Scoile Oifigeach Cléireachais– Grád III Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

35 uair sa tseachtain(Páirtaimsearthaagus Buan (17.5 uair sa tseachtain) agus Páirtaimseartha agus Sealadach(17.5 uairsa tseachtain)

Beidh Gaeilge líofa ag an iarratasóir rathúil

Fáilteoidh Bord Oideachaisagus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe ar an poist seo.

Beidh éagsúlacht oibre igceist, ach éilíonn an ról duine atá in ann cur go dearfach i dtreo aidhmeannagrúpa a bhaint amach. Beidh gá le sárscileanna cumarsáide, mar aon le muinínagus cumas chun déileáil le héagsúlacht ceisteanna.

Coinníollacha Seirbhíse:

Téarmaí Ceapacháin:

Post páirtaimseartha agus buan/sealadach.

Luach Saothair (Tuarastal):

Beidh feidhm le scálatuarastail d’Oifigeach Cléireachais sa phost seo.€29,283– €44,111 (pro-rata in aghaidh na bliana) nó €27,146 – €44,111 (pro-rata in aghaidh na bliana iontrálaithe nua).

D’fhéadfaí an luach saothair a athrú ó am go chéile ag teacht le beartas pá an Rialtais.

Uaireanta oibre:

Páirtaimseartha agus Buan - 17.5 uair sa tseachtain agus

Páirtaimseartha agus Sealadach - 17.5 uair sa tseachtain

D’fhéadfaí na huaireanta aathrú ó am go chéile de réir Chomhaontuithe na hEarnála Poiblí.

Saoire Bhliantúil:

Is 22 lá an teidlíocht do Shaoire Bhliantúil sa phost seo pro-rata in aghaidh na bliana

Saoire Bhreoiteachta:

Socrófar Saoire Bhreoiteachta de réir socruithe arna n-údarú ag an Aire Oideachais agus Scileanna ó am go chéile.

Nós Imeachta Iarratais:

Is gá forim iarratais chomhlánaithe a chur isteach ar line foai Roimh lae Dé hAoine, 2 Meitheamh 2023.

Sonraíocht faoin bPearsa:

  • Bunriachtanach
  • Caithfidh gach iarrthóir:

    • an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí a bheith aige/aici chun an ról a chomhlíonadh;
    • a bheith in ann agus inniúil an ról a chomhlíonadh go caighdeán ard;
    • Grád D3 ar a laghad a bheith bainte amach in 5 ábhar Ardteistiméireachta (ardleibhéal, gnáthleibhéal, nó cláir fheidhmeacha agus cláir ghairme) nó a gcomhionann nó pas a bheith faighte i scrúdú ag anleibhéal cuí taobh istigh de chreat Deimhniú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ/QQI) agus ar féidir é a mheas a bheith inchomparáide le caighdeán nahArdteistiméireachta nó a comhionann nó níos airde nó an taithí ábhartha chuí abheith aige/aici a chuimsíonn scileanna agus taithí chomhionann;
    • a bheith 17 bliain ar a laghad ar dháta fógartha an chomórtais earacaíochta, nó roimh an data sin

    Inmhianaithe

    • Sárscileanna riaracháin agus teicneolaíochta faisnéise;
    • Cáilíocht airgeadais/Taithí ar chórais airgeadais
    • A bheith in ann iad féin a spreagadh, agus a bheith solúbtha agus dírithe ar thorthaí;
    • A bheith in ann obair a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú i dtimpeallacht oibre dhinimiciúil ghnóthach;
    • Sárscileanna breithiúnais, réitigh fadhbanna,anailíseacha agus cinnteoireachta;
    • A bheith in ann cruthú gur oibrí foirne solúbtha tú;
    • A bheith in ann a léiriú go bhfuil taithí agat le caidrimh a chothú agus a choinneáil;
    • Sárscileanna eagrúcháin, cumarsáide agus idirphearsanta;
    • Tuiscint a bheith agat ar phríomhghnéithe athchóirithe na seirbhíse poiblí agus rialála, agus ar na príomhdhúshláin abhaineann leo.

    Sainchuntas Poist:

    Oibreoidh an rúnaí scoile i gcomhar le foireann agus beidh sé nó sí in ann oibriú as a stuaim féin nuair a theastaíonn sé. Beidh teagmháil ag an iarrthóir rathúil le gach ball de phobal scoile.

    Dualgais:

    Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhaineann leis an ról (anuas ar dhualgais eile a d’fhéadfadh an príomhoide sannadh air nó uirthi ó am go chéile)

    • Tacú leis an bpríomhoide agus leis an bhfoireann mhúinteoireachta
    • Dualgais na hoifige tosaigh agus fiosrúcháin ó thuismitheoirí, baill foirne, leanaí agus gach cuairteoir chuig an scoil a láimhseáil
    • Déileáil le comhlachtaí eile e.g. an Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA), Oifigigh Leasa Oideachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
    • An teileafón, ríomhphost na hoifige agus an córas fógartha poiblí a bhainistiú, teachtaireachtaí a sheachadadh
    • An postas a oscailt agus a dháileadh, agus freastal ar gach seachadadh
    • Córas comhdaithe na scoile a bhainistiú
    • Sonraí a iontráil agus Vsware – córas riaracháin na scoile – a uasdátú
    • Doiciméid comhfhreagrais éagsúla a ullmhú – ríomhphoist, litreacha etc.
    • Cúrsaí airgeadais – Obair cuntais lena n-áirítear airgead tirim a láimhseáil, sonraisc, fáltais, baincéireacht
    • Fótachóipeáil/lannú/ceangal/priontáil
    • Eolas ar nósanna ceannacháin, eolas oibre ar an gcreat soláthair, soláthairtí a choinneáil
    • Fardal na scoile
    • Cabhrú le hiarratais ar áiteannna sa scoil agus le rollú
    • Cabhrú le heagrú imeachtaí scoile agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear busanna a chur in áirithe le haghaidh turas
    • Cláir fógraí agus láithreán gréasáin na scoile a uasdátú

    Inniúlachtaí a iarrtar

    Beidh ar an té a cheapfar don phost Oifigeach Cléireachais (Grád III) Rúnaí Scoile fianaise de na hinniúlachtaí seo a leanas a thaispeáint:

    Obair foirne

    • Bíonn meas aige/aici ar chomhghleacaithe agus comhoibrithe;
    • Forbraíonn agus coimeádann sé nó sí caidrimh mhaithe oibre le daoine eile, ag roinnt eolais agus faisnéise, de réir mar is cuí;
    • Tairgeann smaointe agus tuairimí dá c(h)uid féin;
    • Tuigeann a ról féin ar an bhfoireann agus déanann gach iarracht an ról sin a chomhlíonadh;

    Bainistíocht/Próiseáil Faisnéise

    • Tugann sé nó sí faoin obair ar fad ar bhealach cuimsitheach agus eagraithe;
    • Leanann sé nó sí nósanna imeachta agus prótacail, agus tuigeann an fiúntas agus an réasúnaíocht atá leo;
    • Coinníonn sé nó sí taifid ar ardchaighdeán a bhfuil sé éasca ag daoine eile iad a thuiscint;
    • Tagann sé nó sí ar chonclúidí cuí ó fhaisnéis;
    • Molann sé nó sí modhanna nua chun tabhairt faoi rudaí ar bhealaí níos fearr agus níos éifeachtúla;
    • Tá sé nó sí ar a c(h)ompord le cineálacha éagsúla eolais, mar shampla eolas scríofa, uimhriúil, cairteacha, agus tá sé nó sí in ann tabhairt faoi uimhríocht, céatadáin a ríomh etc.

    Seachadadh Torthaí

    • Glacann sé nó sí freagracht as obair go dtí an chéad leibhéal cuí eile;
    • Cuireann sé nó sí obair i gcrích go poncúil;
    • Cuireann sé nó sí é nó í féin in oiriúint do bhealaí nua chun tabhairt faoi rudaí;
    • Déanann sé/sí seiceáil ghrinn ar gach píosa oibre d’fhonn cinntiú go bhfuil sé curtha i gcrích ar chaighdeán ard agus foghlaimíonn ó aon bhotún a dhéanann sé/sí;
    • Scríobhann sé nó sí go cruinn ó thaobh gramadaí agus litrithe, agus tagann ar chonclúídí réasúnacha ó threoracha scríofa;
    • Aithníonn sé nó sí an phráinn agus an tábhacht a bhaineann le tascanna éagsúla;
    • Léiríonn sé nó sí tionscnaíocht agus solúbthacht chun a chinntiú go gcuirtear obair i gcrích;
    • Oibríonn sé nó sí as a stuaim féin agus baineann úsáid as a b(h)reithiúnas sula n-iarrann sé nó sí treoir ó bhainisteoir nó ó chomhghleacaithe;

    Seirbhís do,Chustaiméirí & Scileanna Cumarsáide

    • Éisteann sé nó sí go gníomhach le daoine eile agus déanann iarracht a dtuairimí/riachtanais a thuiscint;
    • Tuigeann sé nó sí na céimeanna nó na próisis a gcaithfidh custaiméirí tabhairt fúthu agus tá sé nó sí in ann iad sin a mhíniú go soiléir;
    • Léiríonn sé nó sí meas, bíonn sé nó sí cuirtéiseach agus gairmiúil agus coinníonn sé nó sí guaim air nó uirthi féin fiú i gcúinsí dúshlánacha;
    • Tá sé nó sí in ann a bheith diongbháilte nuair is gá agus tá sé nó sí in ann cumarsáid á dhéanamh le muinín agus le húdarás;
    • Tá sé nó sí in ann cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go líofa nuair atá sé nó sí ag caint, agus i scríbhinn;

    Saineolas agus Féinfhorbairt

    • Forbraíonn agus cothaíonn sé nó sí na scileanna agus an saineolas atá de dhíth chun an ról a chomhlíonadh go héifeachtach, e.g. teicneolaíochtaí ábhartha, córais TF, scarbhileoga, Microsoft Office, polasaithe ábhartha etc.;
    • Tá tuiscint mhaith aige nó aici ar an ról, na cuspóirí agus na spriocanna agus ar an gcaoi a mbaineann siad le hobair an aonaid;
    • Tá sé nó sí tiomanta d’fhéinfhorbairt agus bíonn sé nó sí i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar a f(h)eidhmíocht phearsanta;

    Tiomantas do Luachanna na Seirbhíse Poiblí

    • Déanann sé nó sí a d(h)ícheall i gcónaí feidhmiú ag leibhéal ard agus seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar;
    • Déanann sé nó sí freastal ar an Rialtas agus ar mhuintir na hÉireann;
    • Oibríonn sé nó sí ar bhealach críochnúil agus coinsiasach, fiú nuair is gnáthobair atá i gceist;
    • Is duine díograiseach é nó í, agus coinníonn sé nó sí air nó uirthi fiú nuair atá an obair dúshlánach, nó nuair atá constaicí roimhe nó roimpi;
    • Tá sé nó sí macánta agus iontaofa; agus Feidhmíonn sé nó sí ar bhealach ionraic i gcónaí.

    The closing date for applications is Friday the 2nd of June 2023

    Apply Now

    Before you go

    Get the latest jobs in Galway by email

    By creating a job alert, you agree to our Terms. You can unsubscribe from these directly within the emails or as detailed in our terms.

    Continue to job
    Need help? Contact us
    Cookies, Privacy and Terms©JobAlert.ie  2023